Táimid fíorbhrónach faoi bháis ár gcara dhílis Adrian Hewson. Shuigh sé ar an mBord Bainistíochta ar feadh na blianta.
Is mór an chaill a bhás ar pobal na scoile. Go dtuga Dia suaimhneas sioraí d’anam uasal.
An Bord Bainistíochta
Suíonn Bord Bainistíochta na scoile ar feadh tréimhse ceithre bhliana. Tá an Bord déanta suas de 8, baill ó ghrúpaí éagsúla den scoil. Is iad an tEaspag Fintan Monaghan agus an tEaspag Michael Burrows na Pátrúin. Roghnaíodh an Bord atá ann faoi láthair ag deireadh 2019.
Seo thíos baill an bhoird:
- Ionadaí an tEaspag Caitliceach: Liam Ó Néil (Cathaoirleach)
- Ionadaí Eaglais na hÉireann:
- Oide na Scoile: Treasa Uí Chinnéide & Róise Uí Chnáimhín
- 2 thuismitheoir de pháistí atá ionrollaithe sa scoil. (máthair agus athair)
Aislinn Buckley & Mark Ryan
- 2 ionadaí ón bpobal (Bíonn siúd roghnaithe ag an 6 thuas)
Betty Phelan & Paul Gilligan
Tugann an Bord aghaidh ar chúrsaí airgid na scoile. Déantar deimhniú ar bhonn bliaintiúil ar chuntais na scoile. Pléann an Bord chomh maith le fís na scoile agus polasaithe na scoile. Tá dualgas ar an mBord a bheith ag cinntiú go bhfuil an scoil ag cloí le rialacha na roinne oideachais agus aon roinn eile agus ag cloí le dlí na tire.