Is bunscoil lán-Ghaeilge mheasctha í Gaelscoil Shlí Dála.An príomhaidhm atá againn ná oideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil do na daltaí go léir. Is scoil déchreidmheach an scoil seo cé go luacháilimid na traidisiúin Chríostaí, cuirtear fáilte roimh gach páiste is cuma cén creideamh atá iontu. Tá sé mar aidhm ag Gaelscoil Shlí Dála maitheas i ngach páiste a chothú agus a thabhairt chun foirfeachta agus gach páiste a chur ar thóir na maitheasa sa saol atá air/uirthi. Táthar ag siúl go rachaidh a saol scoile i bhfeidhm orthu go dearfach le linne a tréimhse sa Ghaelscoil, agus go mbeidh cuimhní deimhneacha acu ar a saol scoile amach anseo. Is í an Ghaeilge teanga na scoile.