Bunaíodh Gaelscoil Shlí Dála sa bhlian 2005. Osclaíodh an scoil ar 1ú lá de Mhéan Fómhar 2005 le fiche dalta agus múinteoir amháin a bhí ina príomhoide ag an am sin.

 

Is scoil déchreidmheach, lán Ghaeilge í Gaelscoil Shlí Dála atá lonnaithe i mBealach Mór idir Ros Cré agus Buiríos Mór Osraí. Cuirtear ranganna ar fáil do pháistí idir 4 agus 13 bliana d’aois. Feidhmíonn an scoil faoi rialacha na Roinne Oideachais agus múintear Curaclam na Bunscoile inti. Faoi láthair tá 39 dalta ar na rollaí.

I mí Mean Fómhair 2015, d’oscail doirse Ionad an Dóchais agus faoi láthair dhá seomra speisialta againn atá iomlan lán.